Wednesday, December 21, 2011

Don oíche úd i mBeithil

Traditional

Don oíche úd i mBeithil
beidh tagairt ar ghréin go brách,
Don oíche úd i mBeithil
go dtáinig an Bhréithir slán;
Tá gríosghrua ar spéarthaibh
's an talamh 'na chlúdach bán;
Féach Íosagán sa chléibhín,
's an Mhaighdean 'Á dhiúl le grá

Ar leacain lom an tsléibhe
go nglacann na haoirí scóth
Nuair in oscailt ghil na spéire
tá teachtaire Dé ar fáil;
Céad glóire anois don Athair
i bhFlaitheasaibh thuas go hard!
Is feasta fós ar talamh
d'fhearaibh dea-mhéin' siocháin!

0 comments: