Sunday, December 23, 2012

Carúl Loch Garman

Traditional

Ó, tagaig' uile is adhraigí
An leanbh cneasta sa chró 'na luí
Is cuimhnígí ar ghrá an Rí
A thug dár saoradh anocht an Naí.
'S a Mhuire Mháthair i bParrthas Dé,
Ar chlann bhocht Éabha guigh 'nois go caomh,
Is doras an chró na dún go deo
Go n-adhram' feasta Mac Mhuire Ógh.

I mBeithil thoir i lár na hoích'
Ba chlos an deascéala d'aoirí,
Go follas don saol ón spéir go binn
Bhí aingle 'canadh ó rinn go rinn.
'Ghluaisig' go beo,' dúirt Aingeal Dé,
'Go Beithil sall is gheobhaidh sibh É
'Na luí go séimh i mainséar féir,
Siúd É an Meisias a ghráigh an saol.'

0 comments: